Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Sracfhéachaint ar ár ráiteas beartais airgeadaíochta - Aibreán 2024

Cad a chinneamar?

Ní dhearna muid athrú ar bith ar ár n-eochair-rátaí úis

Tá a leibhéil reatha ag cuidiú le boilsciú a ísliú. Má thugann an t-eolas atá ag teacht isteach níos mó muiníne dúinn go bhfuil an boilsciú ag bogadh go dtí ár sprioc 2% ar bhealach inbhuanaithe, seans nach mbeidh orainn na rátaí úis a choinneáil chomh hard agus atá siad anois. Ach beidh ár gcinntí ag brath ar an gcaoi a mbreithnímid an cás bunaithe ar an eolas nua a fhaighimid le himeacht ama.

Cad atá ag tarlú sa gheilleagar?

Tá an geilleagar fós lag, ach ba chóir go dtéarnódh sé níos déanaí sa bhliain

De réir mar a thagann laghdú ar bhoilsciú agus méadú ar phá, beidh níos mó airgid le caitheamh ag daoine. Agus an geilleagar domhanda ag téarnamh, is mó easpórtáil a dhéanfaidh gnólachtaí. Tacóidh an méid sin go léir lenár ngeilleagar.

Tá ag éirí go maith le seirbhísí i gcónaí

Bíonn daoine fós ag caitheamh airgid ar sheirbhísí, amhail taisteal agus bialanna. Ach tá éileamh íseal ar earraí ag gnólachtaí monaraíochta agus tá táirgeadh níos lú á dhéanamh acu – go háirithe in earnálacha ina n-úsáidtear a lán fuinnimh.

Tá laghdú ag teacht ar bhoilsciú i gcónaí

Níl ardú chomh láidir céanna ar phraghsanna earraí ná ar phraghsanna bia a thuilleadh. Tá praghsanna fuinnimh níos ísle ná mar a bhí bliain ó shin. Ach tá praghsanna ar sheirbhísí ag méadú go mór.

Tá ardú fós ag teacht ar phá, ach níl an t-ardú chomh géar agus a bhí cheana

Bíonn costais níos airde i gceist do chuideachtaí nuair a bhíonn pá níos airde le híoc le hoibrithe. Ach in ionad méid iomlán na gcostas sin a chur ar aghaidh chuig custaiméirí i bhfoirm praghsanna níos airde, tá brabús níos lú á dhéanamh ag gnólachtaí.

Níl an oiread iasachtaí á dtógáil amach ag gnólachtaí

Tá iasachtaí níos costasaí mar gheall ar rátaí arda úis, agus mar sin tá gnólachtaí ag gearradh siar ar a gcuid pleananna maidir le hinfheistíocht nua.

FÉACH FREISIN

Féach ar na mionsonraí

CINNTÍ BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

Seo an méid a chinn an Chomhairle Rialaithe faoi rátaí úis agus ionstraimí eile an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag a cruinniú deireanach.

Preaseisiúint

RÁITEAS BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

Léigh ár míniú ar na cúiseanna atá leis na cinntí beartais airgeadaíochta is déanaí.

Ráiteas beartais airgeadaíochta
BREIS EOLAIS UAIT? FÉACH AR ÁR MÍNIÚ
FOGHLAIM TUILLEADH
Cad is beartas airgeadaíochta ann?