Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Cinntí arna ndéanamh ag Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh (sa bhreis ar chinntí maidir le socrú rátaí úis)

Deireadh Fómhair 2023

27 Deireadh Fómhair 2023

Oibríochtaí margaidh

Athbhreithniú rialta ar mhodheolaíocht an Eurochórais maidir le scór aeráide agus creat claonta chun urrúis earnála corparáidí a cheannach

An 5 Deireadh Fómhair 2023, thug an Chomhairle Rialaithe dá haire an chéad athbhreithniú rialta ar chur chun feidhme mhodheolaíocht an scór aeráide agus an chreata claonta le haghaidh ceannacháin urrús san earnáil chorparáideach a tháinig i bhfeidhm an 1 Deireadh Fómhair 2022. Ba dhíol sásaimh don Chomhairle Rialaithe an chonclúid go raibh na cuspóirí a bhí beartaithe acu bainte amach ag an modheolaíocht agus ag an gcreat agus chinn sí dá réir sin go gcoinneofaí príomhbhunchlocha an chreata. Chinn sí freisin, ar mhaithe le trédhearcacht, tuilleadh sonraí maidir leis an modheolaíocht a cuireadh i bhfeidhm a nochtadh i gCinneadh ábhartha BCE (BCE/2016/16). Dá bhrí sin, thug an Chomhairle Rialaithe sainordú do choistí ábhartha an Eurochórais/CEBC an gníomh dlí leasaitheach a ullmhú a mheastar a fhormheasfaidh an Chomhairle Rialaithe in am trátha.

Comhchuibhiú na rialacha incháilitheachta le haghaidh sócmhainní le ráthóir

An 5 Deireadh Fómhair 2023, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe soiléirithe teicniúla – ar mhaithe le comhsheasmhacht, soiléireacht dhlíthiúil agus trédhearcacht – maidir leis na rialacha incháilitheachta comhthaobhachta le haghaidh sócmhainní le ráthóir. Cuirfear na soiléirithe sin chun feidhme trí bhíthin athbhreithnithe ar roinnt airteagal sa Doiciméadúchán Ginearálta mar chuid dá chéad nuashonrú rialta eile in 2024.

Bonneagar margaidh agus íocaíochtaí

Beartas leasaithe maidir le réamhmhaoiniú ag córais choimhdeacha

An 12 Deireadh Fómhair 2023, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe leasuithe ar chreat beartais ginearálta BCE maidir le húsáid réamh-mhaoinithe ag córais choimhdeacha. Leis an gcreat sin, atá i bhfeidhm ó mhí Eanáir 2022, bunaítear na coinníollacha faoinar féidir le córais choimhdeacha, i.e. bonneagair an mhargaidh airgeadais atá rannpháirteach i TARGET, réamh-mhaoiniú a úsáid in airgead bainc ceannais. Is é is aidhm do na hathbhreithnithe ar an gcreat cosc a chur – ar fhorais stuamachta agus cé is moite d’eisceachtaí i gcásanna a bhfuil údar cuí leo – dul ar iontaoibh réamhchistithe le struchtúir chisealacha a chuirfeadh sraith bhreise idirghabhála leis. Tá an beartas leasaithe ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Seoladh chéim ullmhúcháin an euro dhigitigh

An 18 Deireadh Fómhair 2023, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe seoladh chéim ullmhúcháin an euro dhigitigh. Tagann sé sin sna sála ar thabhairt chun críche chéim an imscrúdaithe, a bhí ar siúl ó mhí Dheireadh Fómhair 2021 go dtí mí Dheireadh Fómhair 2023. Cuirfear tús leis an gcéim nua an 1 Samhain 2023. Is é a bheidh i gceist leis an gcéad chéim ná leabhar rialacha digiteach an euro a thabhairt chun críche agus soláthraithe a roghnú a d’fhéadfadh ardán agus bonneagar digiteach euro a fhorbairt. Áireofar leis freisin tástáil agus trialacha chun euro digiteach a fhorbairt a chomhlíonfadh riachtanais an Eurochórais agus riachtanais úsáideoirí araon. Ní ghlacfar cinneadh ón gComhairle Rialaithe maidir le euro digiteach a eisiúint go dtí go mbeidh an chéim ullmhúcháin sin tugtha chun críche agus a luaithe a bheidh próiseas reachtach an Aontais tugtha chun críche. Is féidir faisnéis níos mionsonraithe a fháil sa phreaseisiúint ghaolmhar agus sna leathanaigh thiomnaithe don euro digiteach ar shuíomh gréasáin BCE.

Comhairle maidir le reachtaíocht

Tuairim BCE maidir le togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 maidir le staidreamh Eorpach

An 28 Meán Fómhair 2023, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2023/29 ar iarratas ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

Tuairim BCE maidir le trédhearcacht agus sláine ghníomhaíochtaí rátála Comhshaoil, Sóisialta agus Rialachais (environmental, social and governance, ESG)

An 4 Deireadh Fómhair 2023, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2023/30 a thug sí ar a tionscnamh féin ar bhonn Airteagail 127(4) agus 282(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Tuairim BCE ar thogra le haghaidh rialachán maidir le dlíthairiscint nótaí bainc agus boinn euro

An 13 Deireadh Fómhair 2023, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2023/31 ar iarratas ó Pharlaimint na hEorpa agus ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

Tuairim BCE maidir le coiste macrastuamachta a bhunú

An 20 Deireadh Fómhair 2023, ghlac an Chomhairle Rialaithe le Tuairim CON/2023/32 ar iarratas ó Aireacht Geilleagair agus Airgeadais na hIodáile.

Tuairim BCE maidir leis an oibleagáid atá ar fhiontair glacadh le híocaíocht in airgead tirim ó thomhaltóirí

An 23 Deireadh Fómhair 2023 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2023/33 ar iarratas ó Chomhlachas Ionadaithe na Beilge.

Rialachas corparáideach

Moladh BCE maidir le hiniúchóirí seachtracha Banka Slovenije

An 10 Deireadh Fómhair 2023, ghlac an Chomhairle Rialaithe Moladh BCE/2023/25 do Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir le hiniúchóirí seachtracha Banka Slovenije.

Staidrimh

Tuarascáil bhliantúil 2022 maidir le rúndacht na faisnéise staidrimh aonair arna bailiú ag an mBanc Ceannais Eorpach, le cabhair ó na bainc cheannais náisiúnta

An 5 Deireadh Fómhair 2023 d’fhaomh an Chomhairle Rialaithe, le tairbhe breathnóireachtaí ó chomhaltaí den Chomhairle Ghinearálta, tuarascáil na bliana 2022 dar teideal “Statistical confidentiality protection in the European System of Central Banks (ESCB)” (“Cosaint rúndachta staidrimh sa Chóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC)”) agus d’fhaomh sí a foilsiú. Tá an tuarascáil le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus ar shuíomhanna gréasáin na mBanc Ceannais Náisiúnta a chinn í a fhoilsiú freisin.

Maoirseacht baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Cinneadh BCE maidir le tarmligean na cumhachta le haghaidh bearta macrastuamachta áirithe atá beartaithe

An 28 Meán Fómhair 2023, ghlac an Chomhairle Rialaithe Cinneadh BCE/2023/24 maidir le tarmligean na cumhachta chun cinntí a ghlacadh gan cur i gcoinne bearta macrastuamachta atá beartaithe ag údaráis inniúla náisiúnta nó ag údaráis ainmnithe náisiúnta bunaithe ar thogra ón mBord Maoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 13h de Rialacha Nós Imeachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh. Leis an gCinneadh, a fhoilseofar ar EUR-Lex, déantar cuíchóiriú ar an bpróiseas cinnteoireachta maidir le measúnú a dhéanamh ar líon suntasach beart macrastuamachta atá beartaithe arna gcur isteach ag údaráis inniúla náisiúnta nó ag údaráis ainmnithe náisiúnta atá freagrach as rátaí maolánacha a shocrú d’institiúidí domhanda a bhfuil tábhacht shistéamach leo agus d’institiúidí eile a bhfuil tábhacht shistéamach leo.

Clár scrúdaithe maoirseachta 2023 le haghaidh cigireachtaí ar an láthair agus imscrúduithe samhla inmheánaí in institiúidí suntasacha

An 10 Deireadh Fómhair 2023, níor chuir an Chomhairle Rialaithe in aghaidh togra ón mBord Maoirseachta Clár Scrúduithe Maoirseachta (SEP) 2023 um chigireachtaí ar an láthair agus um fhiosruithe ar shamhlacha inmheánacha le haghaidh institiúidí suntasacha atá faoi mhaoirseacht baincéireachta Eorpach a uasdátú. Bunaítear SEP ar an láthair ar Thosaíochtaí Maoirseachta 2023-2025 a foilsíodh ar shuíomh gréasáin maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Treoir ECB maidir le cleachtais fhónta i rialachas agus i mbainistiú priacal creidmheasa contrapháirtí

An 16 Deireadh Fómhair 2023, níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta chun an leagan críochnaitheach de threoir BCE maidir le cleachtais fhónta i rialachas agus i mbainistiú priacal creidmheasa contrapháirtí a fhormheas, agus chun an treoir sin a fhoilsiú in éineacht leis an ráiteas aiseolais gaolmhar. Cuirtear i láthair sa ráiteas aiseolais measúnú BCE ar na barúlacha a fuarthas i gcomhthéacs an chomhairliúcháin phoiblí a d’eagraigh BCE idir an 2 Meitheamh agus an 14 Iúil 2023. Tá an Treoir ar fáil ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa